Skip to main content
  00353 (0)51 311000   info@wtc.ie

Login / Register

BÉALTRIAIL na hARDTEISTIMÉIREACHTA - GAEILGE ARDLEIBHÉAL & GNÁTHLEIBHÉAL

BÉALTRIAIL na hARDTEISTIMÉIREACHTA - GAEILGE ARDLEIBHÉAL & GNÁTHLEIBHÉAL

 

 

 

Tá an cheardlann seo dírithe ar mhúinteoirí Gaeilge iar-bhunscoile atá ag iarraidh cur chuige soiléir agus eagraithe a fhorbairt chun tacú lena gcuid daltaí i mbéaltriail na hArdteistiméireachta.

Pléifear:

  • Leagan amach an scrúdú agus an córas marcála
  • Conas an grád is airde a bhaint amach
  • Modhanna éifeachtacha ullmhúcháin
  • Straitéisí chun muinín agus líofacht na ndaltaí a chothú
  • Ábhar samplach agus acmhainní praiticiúla le húsáid sa seomra ranga

Is deis luachmhar í seo do mhúinteoirí smaointe nua a bhailiú agus tacaíocht ghairmiúil a fháil agus iad ag ullmhú a ndaltaí don bhéaltriail.

Faoi dheireadh na ceardlainne beidh rannpháirtithe in ann:

  • Tacú le forbairt scileanna cumarsáide na ndaltaí, i gcomhréir leis na cuspóirí teanga sa churaclam.
  • Míniú a thabhairt ar an gcóras marcála agus aiseolas éifeachtach a chur ar fáil.
  • Straitéisí teagaisc a chur i bhfeidhm chun líofacht agus muinín na ndaltaí sa Ghaeilge labhartha a fheabhsú.

Cainteoir:

Siobhán Ní Mhurchú

Is múinteoir iar-bhunscoile Gaeilge í Siobhán Ní Mhurchú a bhfuil blianta fada taithí aici sa seomra ranga. Tá sí thar a bheith oilte ar ranganna scrúdaithe a ullmhú don Teastas Sóisearach agus don Ardteistiméireacht, ag tacú le scoláirí na torthaí is fearr agus is féidir a bhaint amach. D’oibrigh sí freisin le Gael Linn ar an scéim ‘Gaelbhratach’ ar feadh dhá bhliain, áit ar chuir sí go mór le tacaíocht agus le forbairt ghairmiúil múinteoirí Gaeilge ar fud na tíre. Chomh maith leis sin, tá taithí aici ag obair le Coimisiún na Scrúduithe Stáit mar scrúdaitheoir béil don Ardteistiméireacht agus ag measúnú scrúduithe stáit scríofa.

Course Details

Course Date 10-02-2026 5:00 pm
Course End Date 10-02-2026 6:00 pm
Cut off date 10-02-2026 5:00 pm
Capacity 100
Individual Price FREE
Speaker Siobhán Ní Mhurchú
Select Hours 1
Location ONLINE (via ZOOM)

Seimineáir Ghréasáin ITOÉ | ESCI Webinars